1. EachPod

Féile Chásca Cheatharlach [Podchraoladh]

Author
Conn O Muineachain
Published
Fri 28 Mar 2014
Episode Link
https://technology.ie/feile-chasca-cheatharlach-podchraoladh/


Is i gCeatharlach atá ceannáras Blacknight, mar sin is ceart agus is cuí go gcuirfimís tús le sraith podchraoltaí i nGaeilge le comhrá le Bríd de Róiste ón eagraíocht Glór Cheatharlach.  Labhraíonn sí le Conn (23:19, 14MB, MP3) faoin nGaeilge i gCeatharlach, agus faoin bhFéile Chásca atá á eagrú ar an mbaile.  Bhí an Fhéile Phan Ceilteach i gCeatharlach le dhá bhliain anuas agus d’éirigh chomh maith sin leí, gur shocraigh muintir na háite ar Fhéile áitiúil a chur in a háit, nuair a bhog an Fhéile Phan Cheilteach ar aghaidh go Doire i mbliana.


Reachtálfar an Fhéile Chásca i gcomhar le Fleadh Cheoil an Chontae agus beidh go leor imeachtaí eile ar siúl ar feadh trí lá ón 24ú go dtí an 27ú Aibreán.


Podchraoladh seachtainiúil i nGaeilge is ea An tImeall, curtha i láthair ag Blacknight, an príomh-chomhlacht in Éirinn le haghaidh óstáil idirlín agus ainmneacha fearainn. Tá margaí spesialta faoi láthair ar ainmneacha fearainn, má cheannaíonn tú pacáiste óstála in éineacht leis: tuilleadh eolais ag domainoffers.me.


Má thaitníonn an clár seo leat, is féidir síntús a fháil le iTunes nó le RSS.


 


Related articles



Féile Chásca Cheatharlach [Podchraoladh] originally appeared on Technology.ie News & Views on Gadgets & Tech - A Podcast about technology

Share to: